Skip to main content
Contact Us at:     This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.                     Register as a User |

About Us / Eolas Fúinn

Mission Statement / Ráiteas Misin

Supporting teachers, school leaders & the wider education community in delivering quality teaching thus enhancing learners’ potential.

Ag tacú le múinteoirí, ceannairí scoile agus an pobal oideachais níos leithne chun teagasc ardchaighdeáin a chur ar fáil, agus dá réir sin acmhainneacht na bhfoghlaimeoirí a fheabhsú.

Overarching Objective / Príomhchuspóir

To support individual teachers, schools, and the wider education community of Co. Donegal in all areas of professional educational learning.

Ba mhaith linn fáilte a chur romhaibh chuig ár suíomh idirlín agus tá súil againn gur féidir le bainistíocht agus foireann an Ionaid, cuidiú agus tacaíocht a thabhairt daoibh, ar bhur dturas gairmiúil san oideachas.

Centre Background / Cúlra an Ionaid

Donegal Education Support Centre is one of a national network of 21 full time Education Support Centres. The Centre is directly funded by the Department of Education & Skills (DES) through the Teacher Education Section (TES) under the National Development Plan and works with TES to ensure the professional learning needs of our teachers and school leaders are supported.

The Donegal Education Support Centre also coordinates and manages the part-time Education Centre located in Gort a’ Choirce.

The Centre promotes partnership in education by providing access to professional development, training and support for teachers, SNAs, B.O.M.s and the wider education community.

The Centre works closely with the county’s 176 primary and 27 post primary schools with a teaching population of over 3,000.

Is ionad amháin é Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall de líonra náisiúnta de 21 Ionad Tacaíochta Oideachais lán-aimseartha. Déantar maoiniú díreach ar an Ionad ag an Roinn Oideachais & Scileanna (ROS) trí Rannóg Oideachais Múinteoirí (ROM) faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus oibríonn sé i gcomhar leis an ROM chun a chinntiú go dtugtar tacaíocht do riachtanais fhoghlama ghairmiúil ár múinteoirí agus ár gceannairí scoile.

Déanann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall comhordú agus bainistiú freisin ar an Ionad Oideachais páirtaimseartha atá lonnaithe i nGort an Choirce.

Cuireann an tIonad comhpháirtíocht san oideachas chun cinn trí dheiseanna a chur ar fáil d’fhorbairt ghairmiúil, do thréimhseanna oiliúna agus do thacaíocht do mhúinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, Boird Bhainistíochta, agus don phobal oideachais níos leithne.

Oibríonn an tIonad go dlúth le 176 bunscoil agus 27 iar-bhunscoil sa chontae, ina bhfuil breis agus 3,000 múinteoir ag teagasc.

Centre Objectives / Cuspóirí an Ionaid

  • Facilitate and administer national, regional and local professional learning programmes
  • Deliver educational seminars supporting teaching, learning & assessment
  • Support and work with national support services
  • Identify & meet the professional learning needs of teachers, school leaders, ancillary staff and
    B.O.M. members both at individual staff and whole school levels
  • Support the development and facilitation of technology in education
  • Deliver quality local courses throughout the county
  • Facilitate the showcasing of current good practice in teaching, learning and assessment
  • Support the teaching of specific subjects through subject Teacher Professional Networks (TPNs)
  • Work with education partners (both locally and nationally)
  • Provide meeting venues for shared learning and reflection on professional practice.
  • Develop local expertise in the area of facilitation and delivery

The Donegal Education Support Centre is the national administrative base for the Oide Droichead Induction Programme for Newly Qualified Teachers (NQT).

  • Éascú agus riaradh clár foghlama gairmiúil náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil
  • Seimineáir oideachasúla a chur ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú
  • Tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí náisiúnta tacaíochta agus obair a dhéanamh leo
  • Riachtanais fhoghlama ghairmiúil múinteoirí, ceannairí scoile, foirne tacaíochta agus baill Bhoird Bhainistíochta a aithint agus a chomhlíonadh, ag leibhéal foirne aonair agus scoile iomláine
  • Tacú le forbairt agus le húsáid na teicneolaíochta san oideachas
  • Cúrsaí áitiúla ar ardchaighdeán a sholáthar ar fud an chontae
  • Éascú a dhéanamh ar chur i láthair dea-chleachtas reatha i dteagasc, foghlaim agus measúnú
  • Tacú le teagasc ábhar áirithe trí Ghréasáin Ghairmiúla Ábhar-Mhúinteoirí (TPNanna)
  • Obair a dhéanamh le comhpháirtithe oideachais (go háitiúil agus go náisiúnta)
  • Ionaid chruinnithe a chur ar fáil le haghaidh foghlama comhroinnte agus machnaimh ar chleachtas gairmiúil
  • Saineolas áitiúil a fhorbairt i réimse an éascaithe agus an tseachadta

    Is é Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall an bunáit riaracháin náisiúnta do Chlár Ionduchtaithe Oide Droichead do Mhúinteoirí Nua-Cháilithe (MNQanna).