Oíche Múinteoirí ar Shraith Seimineár Gréasáin Webwise
Tá Webwise tar éis críoch a chur le sraith de sheimineáir ghréasáin do mhúinteoirí. Má chaill tú na seimineáir ghréasáin, tá taifeadtaí ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an tSraith Múinteoirí Webwise eolas, comhairle, treoir agus acmhainní cabhracha a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt sábháilteacht ar líne a thabhairt isteach sa seomra ranga. Fuair an tsraith tacaíocht ó shaineolaithe i réimse na teicneolaíochta digiteacha agus OSPS, agus ó acadóirí agus saineolaithe dlí. Pléadh sna seimineáir ghréasáin Dlí Coco, a achtaíodh le déanaí, inar tugadh aghaidh ar an cibearbhulaíocht ar scoil, litearthacht sna meáin, litearthacht faisnéise agus sábháilteacht ar líne a thabhairt isteach do dhaoine óga.
Naisc go dtí na seimineáir ghréasáin:
Litearthacht Nuachta agus Eolais: https://www.webwise.ie/trending/webinar-media-and-information-literacy-and-the-problems-of-false-information/
Cibearbhulaíocht (Iar-bhunscoil): https://www.webwise.ie/trending/respectful-online-communication-and-cyberbullying-post-primary-webwise-webinar/
Dlí Coco, roinnt íomhánna agus toiliú: https://www.webwise.ie/trending/image-sharing-consent-and-cocos-law-webwise-webinar/
Laochra HTML - Acmhainn nua do Ranganna 1 agus 2
Lainseáil Webwise le déanaí acmhainn nua do mhúinteoirí do Ranganna 1 agus 2; is é sin Laochra HTML: Fáilte chuig an Idirlíon. Dearadh an Clár Laochra HTML do mhúinteoirí Ranganna 1 agus 2 chun daltaí a chur ar an eolas faoi na chéad chéimeanna a bhaineann le rochtain a fháil ar agus leas a bhaint as an idirlíon ar bhealach sábháilte agus freagrach. Tá cúig cheacht san acmhainn a bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh orthu leo féin nó a ndéanamh mar aonad iomlán. Déantar réimsí a phlé sna ceachtanna lena n-áirítear an t-idirlíon a úsáid go sábháilte, ag cumarsáid ar líne, ag imirt agus ag foghlaim ar líne agus ag fáil cúnaimh agus tacaíochta. Foghlaimeoidh daltaí, trí chúig ghearrscéal maisithe, na bunscileanna a bhaineann le bheith slán sábháilte ar líne, lena n-áirítear an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach STOP, SMAOINIGH agus SEICEÁIL nuair atá teacht agat ar an domhan digiteach. Cuirtear deiseanna ar fáil leis na cúig cheacht san acmhainn seo chun dul i ngleic leis an teicneolaíocht dhigiteach agus na tairbhí agus na deiseanna a bhaineann leis an idirlíon a léiriú agus ag an am céanna ag ullmhú daltaí leis na scileanna a theastóidh uathu chun an domhan digiteach a nascleanúint go sábháilte. Is féidir leat teacht ar an acmhainn anseo: https://heroes.webwise.ie/.
Ag Tuiscint Dlí Coco - Ceacht OSPS Nua
Mar fhreagairt ar na hathruithe iontacha a rinneadh ar an reachtaíocht i mbliana, ina bhfuil sé mar chion anois íomhánna dlúthphearsanta a roinnt gan cead, agus i ndiaidh Dlí Coco a thabhairt isteach, tá Ceacht OSPS tiomnaithe le haghaidh múinteoirí cruthaithe ag Webwise. Ní mór tuiscint a bheith agat ar an Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020 agus ar na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis do dhaoine óga. Tá an ceacht seo in ainm a bheith feiliúnach do dhéimeagrafach Bhlianta 3 go 5. Beidh daltaí in ann na príomhchionta a aithint faoin Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020. Tuigfidh daltaí go bhfuil iarmhairtí ar a gcuid gníomhaíochtaí ar líne dóibh féin agus do dhaoine eile araon agus go bhfuil siad freagrach as a ngníomhaíochtaí. Tabharfar spreagadh do dhaltaí labhairt amach faoi chiapadh gnéis ar líne agus beidh siad ar an eolas faoin áit le dul do chúnamh má tharlaíonn a leithéid de sin dóibh. Nasc: https://www.webwise.ie/lockers/cocos-law-lesson/.
Ceacht: An Pictiúr Iomlán
Dearadh An Pictiúr Iomlán chun cabhrú le agus tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí OSPS nuair atá siad ag múineadh a ndaltaí faoi na tionchair agus faoin mbrú a d’fhéadfadh a bheith roimh dhaoine óga nuair atá siad ag baint leas as na meáin shóisialta, nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na meáin ar a bhféinmhuinín ar líne agus an chaoi ar féidir leo a bhfolláine a bhainistiú ar líne. An aidhm atá leis an gceacht seo is ea spreagadh a thabhairt do dhaltaí le bheith níos cúramaí i dtaca leis an tionchar, dearfach agus diúltach araon, a d’fhéadfadh na meáin shóisialta a bheith acu ar an gcaoi a mothaíonn muid agus na daltaí a chumasú leis na hacmhainní agus straitéisí chun a bhfolláine féin ar líne a bhainistiú. Nasc: https://www.webwise.ie/thefullpicture/.
Cuir i Láthair Phleanáilte ar Lá Idirlín Níos Sábháilte
Tá Cuir i Láthair shaor in aisce ar Lá Idirlín Níos Sábháilte ar fáil do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna. Tá cuir i láthair bhunscoile iontu seo le haghaidh úsáide le Ranganna 1 agus 2, Ranganna 3 agus 4 agus Ranganna 5 agus 6. Pléitear sna cuir i láthair Iar-bhunscoile ábhair cosúil leis an Nuacht, Eolas agus na Fadhbanna a bhaineann le hEolas Bréagach; D’Fholláine Ar Líne a Bhainistiú; Cumarsáid Mheasúil Ar Líne; Féinmhuinín Ar Líne – An Pictiúr Iomlán. Is féidir leat na cuir i láthair, script iomlán/ nótaí iomlána, agus Gníomhaíochtaí le Tabhairt Abhaile a íoslódáil thíos. Nasc: https://www.webwise.ie/saferinternetday/sid-presentations/.
Tá iarratais oscailte don Chlár Oiliúna Ambasadóta SID (Oscailte do Dhaltaí Iar-bhunscoile).
Gné tábhachtach de chosc ar an bhfrithbhulaíocht, folláine agus sábháilteacht ar líne i scoileanna is ea rannpháirtíocht ghníomhach daltaí in aeráid scoile dhearfach a fhorbairt.
Tá Webwise, mar chuid dár bhfeachtas Lá Idirlín Níos Sábháilte, ag freastal ar dhaltaí iar-bhunscoile agus ag tabhairt spreagadh agus tacaíocht dóibh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna maidir le sábháilteacht ar líne, cosúil leis an cibearbhulaíocht, folláine ar líne, eolas bréagach ar líne, príobháideachas, cosaint sonraí agus do chearta ar líne. Chomh maith leis sin, tá feachtais á gcur ar siúl ag Webwise chun daoine a chur ar an eolas faoin méid seo ina gclubanna, scoileanna agus pobail féin.
Le tacaíocht ón bpainéal Comhairleach Óige Webwise, rachaidh daltaí glacfaidh daltaí páirt i gcúig sheisiún oiliúna ar líne chun spreagadh a thabhairt dóibh féin feachtais idirlín níos sábháilte a chur ar siúl ina gcuid scoileanna. Beidh an clár ar siúl thar mhí na Nollag agus mí Eanáir roimh Lá Idirlín Níos Sábháilte, ar an 8 Feabhra 2022.
Is féidir le daltaí iarratas a dhéanamh go díreach nó is féidir le múinteoirí daltaí a bhfuil suim acu a ainmniú: https://www.webwise.ie/trending/sid-ambassador-programme-open/.