You are not connected. The newsletter may include some user information, so they may not be displayed correctly.

Ionad Tacaiochta Oideachais Chontae Dhun na nGall - Nuachtlitir na Seachtaine 46 (10/11/25 to 16/11/25)

Ionad Tacaiochta Oideachais Chontae Dhun na nGall - Nuachtlitir na Seachtaine 46 (10/11/25 to 16/11/25)

Seachtain 46 2025 (10/11/25 to 16/11/25)

Nuachtlitir Sheachtainiúil na nImeachtaí

A Phríomhoide/ Mhúinteora, a chara

 

San áireamh thíos tá achoimre ar gach imeacht Forbartha Gairmiúla Leanúnaí don tseachtain dar tús an 10 Samhain 2025 chomh maith le roinnt príomhimeachtaí eile do mhí na Samhna.

 

Féadfaidh tú athbhreithniú a dhéanamh freisin ar na himeachtaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí seo go léir i rannóg na gcúrsaí Bunscoile nó Iar - bhunscoile ar shuíomh gréasáin an Ionaid.

 

Seo achoimre ar roinnt imeachtaí / tionscnaimh iontacha eile a bhféadfadh suim a bheith ag do scoil iontu:

  • Imeachtaí NCSE - Is féidir sonraí faoi aon Oiliúint Ghairmiúil Mhúinteoirí de chuid NCSE atá le teacht a fháil anseo. Chun clárú d'aon cheann den oiliúint seo cliceáil anseo le do thoil.
  • Imeachtaí Oide - Is féidir sonraí faoi aon Oiliúint Ghairmiúil Mhúinteoirí de chuid Oide atá le teacht a fháil anseo. Chun clárú d'aon cheann den oiliúint seo cliceáil anseo le do thoil.
  • Imeachtaí NEPS - Tá an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) ag reáchtáil sraith seisiún dírithe ar thacaíocht a thabhairt do pháistí atá ina gcainteoirí drogallacha/múchta go roghnach ar scoil. Chun clárú, cliceáil anseo le do thoil.
  • Imeachtaí NABMSE - Tá Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta san Oideachas Speisialta (NABMSE) ag reáchtáil sraith seimineár pearsanta do cheannairí scoile/baill BOM d'iar-bhunscoileanna sna seachtainí amach romhainn. Chun clárú, cliceáil anseo le do thoil.
  • Comórtas Ealaíne do Pháistí Wainfest - Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha - comórtas oscailte do gach páiste agus duine óg i nDún na nGall, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Clár Díospóireachtaí Bunscoile Concern 2025 / 2026 - tá an tréimhse chlárúcháin don chlár seo dúnta anois. Tá ríméad orainn a rá go raibh an-spéis sa chlár seo arís i mbliana agus táimid ag súil le roinnt díospóireachtaí iontacha eile.
  • Buntreoir do Róbataic VEX - d'éirigh go hiontach leis an seisiún eolais a chuir an Dr Gary Cullen agus John Conaghan ar fáil ó ATU Leitir Ceanainn Dé Céadaoin an 5 Samhain 2025. Beimid ag seoladh tuilleadh cumarsáid chuig gach Bunscoil faoi seo go han-luath.
  • Scriobh Leabhar 2025 / 2026 - tá an tréimhse chlárúcháin don chlár seo dúnta anois. Bhí spéis iontach ann ina leithéid arís i mbliana agus leanfar go luath le cumarsáid bhreise leis na scoileanna sin a chláraigh ann. 
  • 2ú Comórtas Bliantúil 'Port Láirge' - 2025 - is é an 15 Samhain an spriocdháta chun clárú, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Comórtas Náisiúnta Scríobh Dán - 2025 (Iarbhunscoil) - is é an 12 Nollaig an spriocdháta chun clárú, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Comórtas Stair Scoile Uile - Oileáin - 2025 - is é an 5 Nollaig an spriocdháta chun clárú, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Clár Scoile Gníomhaí 2025 / 2026 - tá seimineár gréasáin eolais ann faoi chomhpháirtíochtaí agus tacaíochtaí do Bhunscoileanna agus do Scoileanna Speisialta atá ag iarraidh an Bhratach Scoile Gníomhaí a bhaint amach nó í a athnuachan in 2025/2026. Tá dhá sheimineár gréasáin ar fáil le freastal orthu (an dá cheann ag a bhfuil an t-ábhar céanna agus mar sin ní gá duit ach freastal ar cheann amháin díobh seo). Tá na seimineáir ghréasáin seo ar an 18 nó an 19 Samhain - is féidir sonraí clárúcháin a fháil anseo.
  • Comórtas TÚS (Feasacht Teagaisc Scoileanna ar Thrialacha Randamaithe) 2025 / 2026 - tá an comórtas seo do Bhunscoileanna (rang a 4, a 5 agus a 6) agus osclaíonn clárú ar an 10 Samhain 2025cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Gairm an Choimisiúin Eorpaigh ar shamplaí de thionscadail ar Dhaonlathas agus Rannpháirtíocht Chathartha - cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil, is é an 31 Deireadh Fómhair 2025 an spriocdháta d'aighneachtaí.

Tá súil againn go mbeidh an fhaisnéis thuas agus atá ceangailte usáideach. Mar sin féin, má tá aiseolas le tabhairt agat dúinn faoi na teachtaireachtaí seo, seol teachtaireach ríomhphoist dúinn, más é do thoil é, ag admin@donegaledcentre.ie. Mar an gcéanna, déan ‘díliostáil’ ar an chaipe díliostála thíos muna bhfuil fonn ort iad seo a fháil níos mó.

 

Is mise, le mormheas, 

 

Kieran Mc Taggart

 

Stiurthóir


Ionad Tacaíochta Oideachais Chontae Dhún na nGall

Urlár 1

Páirc Ghnó Radharc an Ghleanna

Ceathrú na mBogach Uachtarach

Leitir Ceanainn

Contae Dhún na nGall

 

Gréasán:         www.donegaledcentre.ie

Rphost:          admin@donegaledcentre.ie